Caibidil nua do ‘Siopa an Phobail’ faoin ainm Tesco Indreabhán

Tá na doirse ag Siopa an Phobail, Indreabhán, Co. na Gaillimhe oscailte inniu ag Tesco Ireland. Ba í Majella Conneely, bainisteoir an tsiopa gurb as Indreabhán di, a d’oscail an siopa athchoirithe go hoifigiúil ar maidin. Chuir sí fáilte mhór roimh na céad chustaiméirí isteach sa siopa atá ag tabhairt fostaíocht agus rogha don phobal áitiúil.

Cuirfear réimse leathain bhia úr Éireannach ar ardchaighdeán ar fáil sa Tesco/Siopa an Phobail seo. Beidh tairgí ar fáil ó roinnt tairgeoirí áitiúla ón nGaillimh féin, ina measc An Garraí Glas, All about Kombucha agus West Ireland Art. Beidh 31 fostaithe ag an siopa san Indreabhán, agus tá Gaeilge ó dhúchas ag tromlach na bhfostaithe sin. Feidhmeoidh an siopa – ina bhfuil rogha do chustaiméirí mar phríomhaidhm – as Gaeilge.

Dúirt Geoff Byrne, Príomhoifigeach Oibriúcháin, Tesco Ireland: “Táim ar bís a bheith anseo san Indreabhán inniu chun an siopa is déanaí d’ár gcuidse a fheiceáil ag oscailt. Is lá suntasach é seo dúinn toisc gurb é seo an chéad siopa Tesco a fheidhmeoidh as Gaeilge agus as Béarla. Cuirimid fáilte roimh Siopa an Phobail inár líonra siopaí agus táimid ag tnúth le páirt mhór a ghlacadh i bpobal áitiúil Indreabháin sna blianta atá romhainn.”

Dúirt Majella Conneely, Bainisteoir an tSiopa: “Tá sceitimíní orm agus ar an bhfoireann anseo fáilte a chur roimh chustaiméirí chuig an siopa inniu. Tá go leor oibre déanta againn le cinntiú go leanfaidh eispéireas an chustaiméara ar ardchaighdeán, mar a bhí i gcónaí. Táimid, ag Siopa an Phobail, ag tnúth go mór leis an nasc phobail atá againn a choinneáil agus na buntaistí a bhaineann le Tesco a thabhairt don phobal chomh maith.”

Tríd Praghasanna Laethúla Ísle, is féidir le custaiméirí a bheith cinnte go bhfuil siad ag fáil luach a saothair ar a gcuid siopadóireachta, mar aon le pointí Clubcard a bhailiú. Tá Praghasanna Laethúla Ísle ar fáil ar na bunriachtanais ó phríomhearraí don chófra go bunearraí an tí. Cuireann Meaitseáil Praghais Aldi na céadta tairgí ar fáil do chustaiméirí ar an bpraghas céanna le hAldi agus tá an-mhargadh ar bhéilte do cheathrar san áireamh.

Beidh Ciste Phobail Tesco, a thugann tacaíocht do ghrúpaí an phobail ar fud na tíre, ag obair le trí ghrúpa áitiúla CLG Michael Breathnach, Playground agus Taisce Chois Fharraige. Beidh an siopa san Indreabhán ag comhoibriú le comhpháirtí Tesco FoodCloud agus an aip OLIO, a chabhraíonn le bia a roinnt, le cinntiú go ndáilfear aon bhia breise sa phobal. Beidh an fhoireann ag cur le hiarrachtaí Tesco chun tacú leis an gcomhpháirtí catharnachta Children’s Health Foundation a thugann tacaíocht do pháistí breoite sna hospidéil CHI i gCromhghlinn, Conghaile, Sráid an Teampaill agus Tamhlacht.

 

You may also like